Scoil: Clochar na Trócaire

Suíomh:
Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 3

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 3

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 3
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag na sídheóga ins an timpist sin. Thosuigheadar ag obair aríst comh mear agus bhíodar indon. Ba ghearr go raibh an obair ar fad críochnuighthe aca, acht má bhí, bhí an éagcóir déanta freisin. D'éirigh duine de'n mbeirt go h-an tinn ar fad. Bhí sé ag éirigh níos measa in aghaidh an lae. Fear dathamhail láidir a bhí ann acht anois ní raibh ann acht gealt ceart críochnuighte. Tháinig biseach air acht má tháinig, ní hé an fear céadhna a bhí ann. Bhí sé in a fheithidín d'fhirín beag, é críon caithce, gan meabhair ná bláth ann, go dtí go bhfuair sé bás. Ba ghearr gur thosuigh an tríomhadh fear ag déanamh rudaí aisteacha go mór mhór nuair a bhí an cogadh sibhialtacht ar siubhal. D'imthigh sé go Sasana agus cuireadh isteach i dTeach na nGealt é agus tá sé ann go fóill.
    Tá sean-fhocal ann a deireanns gur "fear níós láidre ná Dia a a chuireanns fad siar ar a theach" agus go deimhin is fíor an sean fhocal é: acht go bhfóiridh Dia ar an té a thógas teach idir na leasa. Is beag duine nach féachann roimhe nuair a bhíonns sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Cholamáin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cholamáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo