Scoil: Clochar na Trócaire

Suíomh:
Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 7

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 7

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 7
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí sí comh dona sin is go raibh áthas ar an athair agus ar an mháthair nuair a fuair sí bás. Ni raibh deireadh leis an mí-ádh go fóill. Bhí gasúr breágh aca agus tháinig pian nimhneach in a láimh. Bhí sé ag dul ó dhochtúir go dochtúir acht is beag faoiseamh a fuair sé as a chuid pianta. Tháinig sé ábhaile gan leigheas, agus ní raibh cumhacht ar bith ins an lámh dheas aige. D'fhás sé suas agus é ar leath-lámh, mar ní raibh sé i ndon an lámh dheas do corruighe.
    "Dúnadh an doras taréis an foghla"
    Mar sin leis an athair. Thuig sé in a sgéal nuair a bhí sé déidhneach. Bhí an teach 'san mbealach. Ní raibh an teach go léir san mbealach, seomra amháin a bhí díreach san aistear idir dhá lios. Leag sé an seomra sin agus chuir sé suas ceann eile ag an dtaobh eile de'n teach. Bhí deireadh leis an mi-ádh annsin acht má bhí, bhí an dochar déanta.
    Bhí fear eile ann agus ní fada ó bhí sé ann. Bhí an saoghal ag dul d'á mhaidí air. Fuair a bhean bás, ní raibh pioc le n-ithe aige fá caoileach an tighe
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Cholamáin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cholamáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo