Scoil: Clochar na Trócaire

Suíomh:
Béal Átha na Muice, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
-
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 8

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0123, Leathanach 8

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire
  2. XML Leathanach 8
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Timpeall míle siar ó Bhéal Athá na Muice, tá baile beag ar a dtugtar Clúin na Ceananna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    gus bhí an bó deireannach sínte marbh san scioól. Bhí sé go trom-chroidheach, gan piginn ruadh aige. In aice leis an tighe bhí lios mhór. Tráthnóna amháin chuaidh sé amach ag spáisteóracht thart agus c'ár shuidh sé acht ar bharr an leasa, nuair a d'éirigh sé tuirseach. Shuidh sé annsin ag smaoineamh ar an mí adh a bhí tagaithe air le déanaighe agus thuit sé na deora go fras. Ba ghearr gur chuala sé duine éicint ag cainnt leis. D'aithnigh sé an guth agus nuair d'fhéach sé thart, cé bhí ann acht fear a bhí marbh leis na cianta. D'fiafruigh sé dhe céard a bhí ag cur na luighe air. D'innis an fear air cabhrú leis. "Tá deireadh leis an mí-ádh anois" arsa an fear, "ó'n lá seo amach beéidh an saoghal ag dul chun cinn leat. Téigh go dtí an aonach a bhéas i mBéal Athá na Muice amáireach, cífidh tú gamhain giobalach dh'á dhíol ag fear ó'n mbaile seo. Ní bhéidh tóir ar bith ar an ainmhidhe seo agus gheobhaid tú ar punt é. Seo dhuit an t-airgead anois. Béidh do comhursanna ag magadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Ní Cholamáin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cholamáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain na Ceannainne, Co. Mhaigh Eo