Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
- Suíomh:
- Béal Easa, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: M. Ó Gábhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Easa (Buachaillí)
- XML Leathanach 18
- XML “Prátaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Prátaí.Níl acht feilmeacha beaga ag na daoine thart annseo sé sin mara leasainm feilm a thabhairt ar chúpla acra de thalamh thanuidhe clochach leacach. I dtús an earraigh a deintear an talamh do shaothrú i gcóir na bprátaí.
Núair atá na fataí dá gcur i dtalamh bán déanann na feilméaraí iomairí acht má's i gcoinnleach a bhionn siad dá gcur déanann siad driollaí uaireannta. Thart annseo déantar driollaí dé ghnáthach, i gcoinnleach. Talamh fliuch atá thart timcheall na h-áite seo, agus mar sin iomairí is mó a bhíos ag na daoine.
Na h-uirlisí. Sa gceanntar seo ní úsáidtear céachta mar níl ag na feilméaraí ach guirt bheaga. Siad na huirlisí is mó a úsáidtear ná an rámhán, an láighe agus an slúasadh. Ní déantar an méid úsáid as an láighe is a rinneadh fadó. I n-allód rinne an gabha sa gceanntar ná láigheanna acht anois tá siad lé cheannach 'sna siopaí. Déantar úsáid as uirlis eile, an t-síbhín [!], pollaí a dhéanamh i gcóir an t-shíl.
An Síol. Ná mná de ghnáthach a ghearann an síol. Fágann síad súil i ngach sgiollán agus tugtar na sgiollóga do na muca. Cuirtear na sgiolláin i gcárnán agus uaireannta cuirtear aol orra chun iad a choimheadh úr agus tirim.
Ag cur an tsíl, an aoileach nó an leasú.
Déantar na pollaí lé stíbhín(leanann ar an chéad leathanach eile)