Scoil: Muine Chonnalláin B.
- Suíomh:
- Muine Chonalláin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Lochnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Muine Chonnalláin B.
- XML Leathanach 285
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal grinn.
Bhí gabhar ann fadó, agus bhí trí chinn de chlann aicí. Lá amháin chuaidh an gabhar go dtí an baile mór agus dubhairt sí le 'na clann gan éinne a leigint isteach sa teach go dtiocfadh sí ar ais. Tar éis tamaill tháinig an sionnach go dtí an doras. Bhuail sé ar an doras acht ní leigfeadh na gabhair óg isteach é, agus dubhairt siad nach í a máthair a bhí ann. Chuaidh sé go dtí an fhuinneóig agus theasbáin sé a chosa doibh. Dubhairt siad-san go raibh cosa a máthair bán agus go [!] cosa an t-sionnaigh dubh. Annsin chuaidh an sionnach go dtí an bácéir agus dubhairt sé leis a chosa a dhéanamh bán. Rinne an bacéir mar a dubhradh leis. Annsin chuaidh an sionnach go dtí an fhuinneóg agus theasbáin sé a chosa do na gabharaibh óga agus shíl siad gurbh í a máthair a bhí ann agus leig siad isteach é. Chuaidh sé isteach agus dith sé na gabhair. Chuaidh sé ar a bhealach annsin agus tar éis tamaill d'éirigh sé tuirseach agus luigh sé síos ar thaobh an bhóthair agus thuit sé in a chodhladh. Nuair a tháinig an mháthair abhaile chonnaic sí go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- James Ruane
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- John Clarke
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cheathrú Riabhach, Co. Mhaigh Eo