Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)

Suíomh:
Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Eachmharcaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 93

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0129, Leathanach 93

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sraith na mBannrach
  2. XML Leathanach 93
  3. XML “Tórramh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Má fhághann duine bás obann sa teach de bharr timpiste cuirtear fios ar an sagart ar an bomaite. Is annamh a thigeann an bás obann. Má tá duine ag éagcaoin le fada beidh an Ola Dheireannach agus an Comaoineach fáighte aige cheanna féin agus beidh sé réidh le n-imtheacht. Déanann an duine sin a udhacht agus nuair a thagann cuma an bháis air tosuigheann muinntear an tighe ag rádh an Phaidrín.
    Nuair a gheibhean an duine bás síntear an corp agus dúntar na súilí. Cuirtear pighinn nó leith-phighinn ar na súile agus ceangailtear an snaidhm buaic ar an gceann, leis an mbéal a dhúnadh. Ta focla áithride a deirtear faoi corp sa teach.
    Deirtear nach ceart d’aon cat ná d’aon mada a bheith sa teach nuair a gheibheann an duine bás.
    Deirtear nach ceart an duine atá marbh a nigheadh ar feadh uaire an chluig.
    Deirtear freisin nach ceart d’aon duine acht an clann a bheith sa teach nuair atá an corp ag dul isteach sa chonra.
    Ní ceart ach an oiread aon deor a leigint ar an duine marbh.
    Ní ceart do’n chorp an teach a fhágáil an chéad lá.
    Fágtar an corp nó go mbíonn sé fuar agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Ó Cormaic
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Eachinis, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Feidhlim Ó Muireadhaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Eachinis, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Máire Nic Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Peadar Ó Liathnacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
    Bailitheoir
    Seán Ó Tuathchair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    15
    Seoladh
    Bléin na gCaorach, Co. Mhaigh Eo