Scoil: Sraith na mBannrach (uimhir rolla 3300)
- Suíomh:
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Eachmharcaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Brian Ruadh ina chómhnuidhe ag an Túr Glas in Iorrus. Bhí gabhalta beag talman aige taobh leis an fhairrge. Bhí Brían pósta agus bhí mac agus ingin aige. Bhí aon bó amháin aige.
Lá amháin amháin agus é amuigh ag tabhairt aire don bhó chonnaic sé tarbh bán ag teacht isteach as an fairrge agus ag dul chómh fada leis an bhó. Chuir sin Brían go mór tré a chéile agus chuaidh sé chómh fada leis an sagart a bhí ina comnuidhe taobh leis an áit sin. Tháinig an sagart leis agus nuair a bhí síad ag teacht gar don áit chonnaiceadar an tarbh ag dul amach san bhfairrge arís. Dubhairt an sagart leis annsin aire mhaith a thabhairt don bhó (connaiceadar an tarbh ag dul amach san bhfairrge arís.) agus nuair a bhéadh laogh aice í a bladain agus an chéad bhraon do’n bhainne a thabhairt chuige féin.
Rinne Brían amhlaidh. Nuair a bhí gabhann ag an bhó do bhlaodh sé í agus chuir sé an bhainne í nagun agus thosuigh sé ag déanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Liathnacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Siubhán Baintreach Uí Liathnacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Srath na Manrach, Co. Mhaigh Eo