Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 306
- XML “Diarmuid agus Gráinne”
- XML “Fionn in Áras na bhFir Mhóra”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a raibh Diarmuid ag fágáil báis. An lá sin thug tarbh fiadháin buille dó agus bhí sé ag fághail báis. Da dtabharfadh Fionn deoch dó as a dhá láimh bheadh sé chomh maith is bhí sé ariamh.Cuaid Fionn faoi dhéin an uisge i dtosach agus thóg sé lán a dhá lamh ach nuair a bhí sé leath bealaigh cuimhnigh sé ar an rud a rinne Diarmuid agus Gráinne air agus chaith sé an tuisge uaidh. Pill sé arís faoi dhéin an uisge ach déirigh an rud céadhna. Phill sé an triomhadh h-uair agus bhí sé go díreach le taobh Diarmuid leis an uisge nuair a déag Diarmuid.Bhí brón mór ar Gráinne agus dimthigh sí lei ar fud an domhain ag cruinnuighadh a codach
- Fionn in Árus na bhFir MoraLá amháin tháinig trí teachtaire ag Fionn agus dubhairt leis dhul comh fada le Árus na bhFir Móra go dtroideadh an Rí é.D’imtigh Fionn agus nuair a tháinig sé chomh fada leis an Árus cuireadh fáilte mór roimhe. Annsin cuireadh isteach chuig an Rí é agus nuair chonnaic an Rí é dubhairt sé “Céad fáilte roimh an fearín beag agus a mhadadh. Codlocaidh sibh ins an leabaidh céadhna liomsa. Annsin thóg an Rí Fionn agus leag sé é ar a láimh agus d’fág sé an madadh inaice leis. Annsin chuaidh siad ina chodhladh. Nuair a tháinig an oidhche chodhladh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghraith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán O Roitleán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo