Scoil: Ros Dubh (uimhir rolla 12569)
- Suíomh:
- Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Gionnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ros Dubh
- XML Leathanach 331
- XML “Amhrán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Is fada a gheall tu ealú liom”
Is fada a gheall tú ealú liom
Cé déarfaidh nar bé do leas é
Daithris tú ina dhiaidh sin
Gur breag a bhí tú ag canadh seal
Bhí do súil ní ba glaise ná an féar
Agus do bhéilín bhí tanaidh tais
Ó d’imir tú an cluiche claonach
Sé mó bhrón gan mé pósta leatNa ait nach dtigeann tú a bhuacaillín
Agus mé fhághail ó mo mhuinntir féin
Nach hait nach dtigeann tú a bhuacaillín
Is mé fhágail uatha uilig go léir
Mar bhfuil siad sásta
Ar an gcás seo feiceál réidh
Gléasfaidh sibh tanna is cónra cláir
Is fagaid amáireach sa teampall méNach i gCorcuigh a cuireadh liú liom
Is ins an bpríosún a glantar é
Cuireadh isteach arís mé
Faoi an nídh ud nach ndearna mé
Da dtigheadh agam mo bhuacaillín
I lár na hoidhche ná i lár an lae
Ní mairfinn beo ach mí mé
Mar bfágadh cead síneadh le grádh mo cléibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ni Baoglain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Brigid Ní Corduibh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70