Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinne Pádraig Ó Maolfhábhail an cuinneóg atá againn. Tá sé ós cionn fiche bliadhain againn anois. Tá sé dhá troigh dhá orlach ar fhaid. 'Sé an fáth go bhfuil cuinneóg ag taisteáil uainn ná le maistreadh a dheánamh.
Seo é an caoi a dhéanamh maint an maistreadh. Cuireann sé uachtar sa gcuinneóig ar dtúis. Annsin cuireann sí an luithne shíos ann. Tá poll ins an gclár agus tigeann lámh na luithne anuas tríd an bpoll. Cuireann sí an cláibín ó's an clár mar tá poll mór sa gclár agus bheith an t-uachtar ag teacht anuas tríd, acht níl acht poll beag sa gclaibín agus conghbhuigheann sé sin an t-uachtar shíos.
Bíonn sí reidh leis an maistreadh a dhéanamh agus bíonn fhios aici nuair a bhíonn an maistreadh déanta mar éirigheann an luitne an - trom(leanann ar an chéad leathanach eile)