Scoil: Gleann Caisil (uimhir rolla 13222)
- Suíomh:
- Gleann Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Antoine Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Caisil
- XML Leathanach 145
- XML “Scéal faoin Chaoi a Ghoideadh na Daoine Im Fadó”
- XML “Scéal Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cé bhí ann acht an girrfiadh. Dubhairt siad léi seasamh suas agus ní fhaca siad rud ar bith acht srothán fola ar an urlár. As an áit a ghorcuigh na madaidh í, a bhí an fuil ag tigheacht. Thug na fir 'Girriadh Bárr Thrágh' ar an mnaoi annsin mar is i mBárr-Trágh a tárlaidh sé seo.
Scéal Eile
“Bhí fear in a chomhnuidhe in Alt fadó agus lá Bealtaine amháin bhí sé ag dul go Sasana...”
Bhí fear in a chomhnuidhe in Alt fadó agus lá Bealtaine amháin bhí sé ag dul go Sasana agus bhí sé in a suidhe go luath.
D fhéach se amach agus ní raibh an teine faduighthe aige. Chonnaic se bean in a seasamh ar claidhe an-árd agus éadaigh bana uirri. Bhí aithne aige uirri mar bhí sí in a comhnuidhe i nDoire Choirib. Rith sé in a diaidh agus chuir sé abhaile í. Bhí an bhean ag fanamhaint go bfheicfeadh sí an deatach as an teach, agus go mbéadh an t-im léi.