Scoil: Poll an tSómais (uimhir rolla 16283)
- Suíomh:
- Poll an tSómais, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Proinnsias Mac Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cúpla bliadain ó shoin d'éirigh bó le duine dena comharsannaibh tinn - Réir gach cosamhlachta "bualadh saigheadh" a bhí uirthi. Chuir fear an tige fáirnéis go bhfeicfeadh sé cá raibh na saighid le fághail. Chuaidh sé go dtí an teach seo, agus fuair sé iad - cúig cinn aca a bhí i gceist.
Nuair a tháinig sé abhaile thug sé an deoch den mboinn, agus chuir sé na saighid ar an mbac go d'triomóchadh siad.
Scathamh in a dhiaidh sin bhí bean an tige ag cur síos teineadh, agus cé-bí slámáil a bhí aici chaith sí ceann de na saighid isteach sa teinne i ngan fhios dí féin.
Réis tamaill thainig fear an tighe, agus thog sé na saighid len a gcur i dtaisce. Thug sé faoi deara go raibh ceann aca imthighthe. Thosuigh se ag cuartú, agus ag cuartú, agus faoi deireadh b'fheacas dó go raibh sí sa teine. Tharraing sé amach í ac dar ndoigh bhí sí dóighte leis an teine.(leanann ar an chéad leathanach eile)