Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 362
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Deir cuid de na daoine gurb é Mí Márta agus Mí Meitheamh an dá mhí....”
Deir cuid de na daoine gurb é Mí Márta agus Mí Meitheamh an dá mhí is ádhamhla le pósadh agus shin an t-am de'n bhliain is mó a bhíonns na daoine ag pósadh.Nuair a bhíodh fear ag dul ag pósadh chuireadh sé teachtaire go teach na mná le buidéal fuisgí le n-a roint ar mhuintir an tighe, an chaoi go mbéadh siad sásta leis an bpósadh.Annsin an oidhche roimh a bpósfaí iad bhéádh cleamhnas aca agus go leor daoine aca ag déanamh cleamhnais dóibh. An lá a bpósfaí iad bhéadh bainis aca, agus thiocfadh cleamairí agus iad gléasta suas i n-éadaighe mná, agus na mná agus éideighe fir orra agus hataí cochain orra comh maith, agus iad tarraingtaí anuas ar a n-éadanacha sa gcaoi nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo