Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 412](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_412.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 412
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ina gcomhnuidhe i dteach beag agus bhí scata clainne acú. Bhí siad an-bhocht ar fad ; ní raibh acú ach sean-bhó amháin agus an lá seo dubhairt an bhean leis an bhfear : "Gabh chun an aonaigh amárach agus díol an bhó."Bhí an fear ina shuidhe sáthach moch ar maidin le gabháil chun an aonaigh. Nuair a bhí sé tamall ar an mbealach céard a léimfeadh amach thar claidhe ach fear beag."Cé'n áit a bhfuil tú ag dul leis an bhó?" ars' an fear beag.
"Tá mé ag dul chun an aonaigh leíthe," ars' an fear.
"Cé mhéid airgid a bhéas tú ag iarraidh uirri?" ars' an fear beag.
"Deich bpunt deich," ars' an fear.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Scanláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Gharbháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo