Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 411
- XML “Leadaí na Luaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar maidin leig sé amach na ba agus chuir sé ar thalamh na 'bhfathaigh' iad, agus thainic fathach eile agus claidheamh leis, ach ní raibh aon fhaitchíos ar an ngasúr. Thosuigh an bheirt acu ag troid. De'n gcéad fhascadh chuir an gasur go dtí
n-a glúna é ; de'n dara fascadh chuir sé go dtí n-a mhuinéal é, agus bhain sé an claidheamh de agus sciob sé an cloigeann de.
Annsin nuair bhí neart ite ag na ba chuaidh sé abhaile. Bhligh siad na ba acht ní raibh neart 'soithigh' acu leis an mbainne a choinneáil. Bhí muintir an tighe an-tsásta mar bhí go leor bainne ag na ba.
Rinne sé an rud céadna an chéad mhaidin eile. Thainic an tríomhadh fathach air agus mharbhuigh an gasúr é. Bhí na trí fathaigh marbh aige agus bhí an fheilm ag an ngasúr.- Bailitheoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan Ó Taidhg
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo