Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An leigheas is mó atá i dtobar Gailleagain ná doighreachaí fiacla agus pian sa muinéal.
Ní chomhnuigheann aon iasc sa tobar ach nuair a bhéadh duine ag guidhe chun éirghe níos fearr agus go mbeadh sé chun éirghe níos feárr thoiseochadh an t-uisce ag léimt suas san tobar.
Duine ar bith a chreideann san tobar, agus é turas a dhéanamh thart timcheall an tobair agus gar ar bith a iarraidh ar bhia gheobhfaidh sé é.
Bhí bean ann uair amháin agus ní raibh sí i ndon tada a leigint ‘suas nó anuas’ le pian san muinéal. Chuaidh a máthair siar agus thug sí buidéal léi chun cuid den uisce a thabhairt abhaile léi. Rinne an bhean turas thart timcheall an tobar agus nuair a thainic sí ar ais bhí an bhean a raibh an phian sa muinéal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhroin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Úna Ní Thaidhg
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 90
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo