Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
- XML Leathanach 495
- XML “Caochán”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é an fáth gur tugadh Caochán air. Comhnuigh sé sa tsean-chaislean ón (?) thair ar bhruach eile i gCill an Ghailleagain. Dúthaigh Chaocháín an t-ainm a tugtaí go dtí an lá indiu ann ar an dúthaigh atá déanta de na bailte talaimh seo: Cill an Ghailleagain, Ceathrú-na-gCloch, agus Ceathrú-Thaidhg. Ceathrú an Uchta an sean-ainm a bhí ar Cheathrú-Thaidhg. Muinntir Thaidhg a thug an t-ainm atá anois air dó. De réir daoine eile, ó Naomh Ghailleagan a thainic an t-ainm Dúthaigh Chaochain. Chaill Naomh Ghailleagan radharc a shúl i ndeireadh a laethe agus annsin tugtaí Coachán air. B'fhéidir gurab é DUMHA Chaocháín an t-ainm ceart. Tá cnap mór cloch sa tsean-reilig thiar ag an tsean-teampall agus tá sé cosamhail le dumha.Strainséirí iad uilig muinntir na h-áite seo - as Cuíge Uladh agus áiteacha eile a thainic a sinnsir aimsir na Géir-Leanamhna - agus níl mórán eolais aca ar shean-iarsmaí an cheanntair.
- Bhí fear ar an gCorrán Buidhe fadh ó agus bhí sé i gcomluadar leis an diabhal. Bhíodh an diabhal á rádh leis gurbh é fear dho Ghárdaí an Chósta a bhí ann agus chreid an fear é. Bhíodh sé i n-éíntigh leis agus bhíodh sé ag iarraidh a choinneál amuigh mall san oidhche agus ghá thabhairt gach droch-bhealach ag iarraidh a mharbhadh. D'fhanadh sé amuigh an-mhall oidhche Dé Sathairn ag imirt cárdaí le n-a choinneal ó'n Aifreann Dia Domhnaigh(anonn(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Bean Mhichil Mhic Dhomhnaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo