Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sgillinge dhó. Dubhairt an sagairt Aifreann di acht ní dhéarna sin aon mhaitheas di. Bhí eagla mór ag teacht ar an bhfear saidhbhir agus sa deireadh dubhairt an fear bocht go n-innseóchadh sé an sgéal dó. Ar chloisint so tháinigh áthas ar an bhfear saidhbhir.
“Bhoil” ar seisean cé’n sgéal é? D’freagair an fear bocht é agus dubhairt sé go mbeadh an cailleach ag teacht gach oidce. “Cé’n fáth” arsa an dearbhrathár saidhbhir “nach dubhairt tú go n-innseochadh tú an sgéal uilig dom”. Innseóchaidh me agus fáilte” arsa an fear bocht “má eistigheann tú liom. Annsin thosuigh sé. “Tá neart airgead agat-sa agus níl rud ar bith agam-sa acht an méid a gheibheann mé ó na comursanaibh. Béidh an chailleach ag teacht chugat gach lá agus oidhche go dtí lá do bháis muna dtabharfhaidh tú cuid de’n airgead dom-sa” Nuair a chualaidh an fear-saidhbhir é sin chuaidh sé go dtí an sagart agus d’innis sé an sgéal dó. Rinne an sagart gáire agus dubhairt sé go mba cheart do cuid do’n airgead a thabhairt do’n bhfear mbocht. Rinne an dearbhrathár saidhbhir mar a dúbhradh leis agus níor tháinig an chailleach ó’n lá sin amach. 1. Seán Ó Paidín
2. Tip an Éisc
3. 67
4. Feirméar- Faisnéiseoir
- Seán Ó Paidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo