Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port an Iascaigh
- XML Leathanach 392
- XML “Triúr Cailleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí inghean aici. Ní dhéanfadh an inghean rud ar bith di agus bhí croidhe a mháthair briste aice. Ar deireadh bhí a mháthair tuirseach di agus bhíod sí ag guidhe chion (?) Dé gach lá go bhfágadh sí an teach. Acht níor fhág. Lá amháin thug a mháthair bualadh maith di. Bhí an cailín bocht ag caoineadh chómh h-árd gur dhún a mháthair an doras ar eagla go mbeadh na cómhursain ag éisteacht léithi. Ní raibh an doras i bhfad dúnta nuair a chualaidh an mháthair torann mar a bheadh duine ag bualadh ar an doras. Chuaidh an mháthair go dtí an doras agus d'fhosgail sí é. Nuair a d'fhosgail sí an doras céard a shiubhal isteach acht mac an rí. Nuair a chonnaic sé an cailín ag caoineadh bhí ionghadh mór air agus d'fhiafhruigh sé cé'n fáth a raibh sí ag caoineadh. Dubhairt an mháthair go raibh sí ag obair ró chruaidh agus gur thug sí bualadh maith di chun í a stopadh.Ní dubhairt an buachaill tada. I gceann tamall labhair sé leis an inghean agus dubhairt sé "Má's é sin an chaoi pósfaidh mise agus tusa." Nuair a chualaidh máthair an chailín é seo bhí áthas mór uirthi agus thug sí moladh mór do'n inghean. Annsin ghléas sí í agus chuir sí chun siubhail leis an mbuachaill í. Nuair a shroic siad teach an rígh bhí fáilte mór ag a mháthair rómpa agus thug sí go dí an párlus ab fhearr a bhí aici iad. Ní raibh síad i bhfad annsin gur innis an moc don mháthair an méid oibre a bhí sí indhán a dhéanamh agus bhí a mháthair an-tsásta. Tar-éis tamaill d'imthígh an mhathair as an seomra agus nuair a tháínig sí ar-ais bhí túirne agus brosna mór olainn léíthi. "Anois(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Dominic Ó Paidin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tip, Co. Mhaigh Eo