Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Amach an mbeirt aca agus sa pháirc bhí cloch mór trom. "Anois" ars an fathach beidh fhios agam an bhfuil tú níos treise ná mé." "Caith an chloch sin go bhfeicfidh mé cé'n fhaid a chuirfidh tú í. "Caithfidh mé í," ars an táilliúr má chaitheann tusa ar dtúis í.
"Go maith" ars an fathach" déanfaidh mé é sin". Rug sé ar an gcloich agus chuir sé ceathramhadh míle í" "Gaibh siar agus tabhair ar ais an chloich" ars an táilliúr. D'imthigh an fathach agus níorbh fhada go raibh an chloch ar ais airís aige.
Annsan leig an táilliúr trí fead. "Cé'n fáth a bhfuil tú ag feadghail mar sin"ars an fathach. "Táim ag feadghail ar mo chol- ceathracha in America coiméad as mo bhealach le faitchíos go marbhóchainn iad. "Más é sin an chaoi" ars an fathach "Fás annsan í."
Téanam isteach liom ars an fhathach go bhfeicfidh mé ciocu againn a bheidh i n-ann an méid is mó a dhi itheadh. Chuaidh an bheirt isteach agus chuir an táilliúr mála mór taobh istigh de'n gcóta a bhí air. Nuair a thosuigh sé ag ithte acht gach 'ra greim a chur isteach sa mhála seo i ngan fhios de'n bhfathach. Sa deireadh d'éirigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Riobárd Ó Néileán
- Inscne
- Fireann