Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 484](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0132%2FCBES_0132_484.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 484
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do mhair beirt dearbráthar fadó. Fear saidhbhir do b'eadh ceann aca ach fear bocht da b'ead an fear eile. Níor mhaith leis an bhfear saidbhir an fear bocht a bheith leis chor ar bith.
Oiche amháin do bhrionglóid an fear bocht gur mharbhuigh sé an mí-ád. D'eirigh sé go moch lá'r na bharach agus d'innis sé an brionglóid dá mhnaoi. Dubhairt a bhear nach raibh sé ceart áird a thabhairt ar brionglóid "Mar sin féin" ar sé 'táim ag dul go dtí an áit".
Shibhal sé treasna na páirce agus taréis tamaill connaic sé rud soiléar ag taithneamh. Pioc sé suas é agus bhí iongnadh mór air nuair chonnaic sé gur fidheóg a bhí ann. Fé chionn tamaill tháinic fear beag agus thosnigh sé ag damhsa leis an gceól. Sul a raibh morán damhsa déanta aige run Seán air agus dubhairt "Cé thú féig agus cé thug annso thú?" "Is mise an mí-ádh" ar sé agus le chúig bliadhna déag tá mé id' leanamhaint suas "Boil" arsa Seán, "ní leanfaidh tú níos mó mé agus thóg sé greim-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Corcoráin
- Inscne
- Fireann