Scoil: Cnoc a Logha
- Suíomh:
- Troiste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Ó Maoildeirg
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc a Logha
- XML Leathanach 019
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí ann fado agus bhí triur mac aige. Bhí siad in a gcomhnuidhe in aice na fairrge agus bhíodh an fairrge ag teacht isteach ar a gcuid talmhan. Dubhairt an rí leis an mac ba sine claidhe a dhéanamh agus gan fairrge a leigint isteach. Rinne sé an claidhe acht bhris an fairrge é. Annsin dubhairt sé leis an dara mac claidhe a dhéanamh acht theip air. Annsin dubhairt sé leis an mac da boige claidhe a dhéanamh.
Rinne sé claidhe maith mór agus cro beag in aice leis. Nuair a bhí an fairrge ag bárr an claidhe chonnaic sé bád agus céard a bhí istigh ann agus bhí sí glas. Tháinig sí amach as an mbád agus chuaidh sí isteach sa mbotan a bhí déanta ag mac an riogh. As a poca tharraing sí amach cárdai. Dfiafruigh sí de an mbeadh cluiche cárdai aige. Béidh agus failte ars an ngasúr, agus an duine a gheibheas an buaidh deanfaidh sé rud ar bith a n-iarrais an duine eile air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Maoildeirg
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Brigid Ní Graith
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo