Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)

Suíomh:
Baingear, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Énrí
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 158

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 158

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Beannchor Iorrais
  2. XML Leathanach 158
  3. XML “Sochraid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cuirtear an claibín ar an gconra ar dtus. Tugann ceathrar fear d'en tsloine céadna é amach agus leagtar é ar dhá stól taobh amuig d'en teac. Annsin caithear uisge coisreaicean ar an gconra agus cuireann an ceathrar fear ceadna é súas ar cairt. Leagtar an dhá stol in-aghaidh a ceile agus mar a deantaí sin deirtear go mbeidh siad ag teastail gan morán moille.
    Deireann na séan daoine má bhíonn sochraid sgaptha ar an mbothar ag dúl go dtí an roilig go mbeidh sochraid eile gan morán moille.
    Má thuiteann duine núair a bhionn sé ag iomchar an coirp tríd an roilic deireann na sean daoine go bhfuigidh an duine sin bás gan morán moille.
    Fagann an t-sochraid an séipéal roimh a do dhéag a clog. Togann ceathrar fear d'en tsloinneadh céadhna an conra amac o'n t-séipeil go dtí gluaistean
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Antoine Ó Nearaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Srath Greadaithe, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Nearaigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Srath Greadaithe, Co. Mhaigh Eo