Scoil: Beannchor Iorrais (uimhir rolla 13684)
- Suíomh:
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Énrí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Beannchor Iorrais
- XML Leathanach 227
- XML “Gabha an tSoic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bfhad ó shoin i gChlíath Bhearna i nDún Fhianaigh in-aice le Baile Chaisil i gConndaé Muigheó bhí Gabha in-a chómhnaidhe. Ní raibh gabha ar bith in-ann soc céachta a dhéanamh chómh maith leis. Oídhche amháin dá raibh sé in-dhiaidh obair an laé do chuir isteach tháinig marcach chun an dorais agus d'iarr sé air an gcuirfhead sé crúidhthe ar an gcapall dhó. "Tá sé in-an tráth le dul chun na ceárdchán dhom" arsa an gabha.
"Déanfhaidh mé fhein an obair ma thugann tú iasacht na ceárdchan dom." arsa an marcach.
"Bhéarfad agus fáilte acht rachfaidh mé fhéin leat" arsa gabha an tsuic.
Ghliúis an bheirt acú chuig an gceardcháin. Cuir an strainséar súas na h-iarnacha. Rinne sé na cruidhte agus chuir le bonn iad. Núair a bhí sin déanta aige fúair sé túagh agus bhain sé na cosaibh ó na glúanaidh anúas de'n chapall agus bhain sé na crúidhthe de na cosaí aris. Thóg sé buidéal as a phóca agus bhí cleite ann agus chúimil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Miceál Mac Énrí
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baingear, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó hEigeartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo