Scoil: Cill Mhór Iorruis

Suíomh:
An Sáilín, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán S. Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0134, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhór Iorruis
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “An tAthair Mánus Mac Suibhne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i dtosach ó Gaoth Sáile go dtí an Baile Nuadh. Bhí cosan tóirí cósta ins an bad leis. Lá brothallach Samhraidh a bhí ann agus nuair a thainic sé idtír diarr sé deoch ar fear darab ainm Ó Murchadha. Bhí tobairín fíor uisce ar an mbruach agus ní raibh sé indon deoch a thógbháil as é féin mar bhí a dhá láimh ceangailte aige. Ní raibh aon chupán acu le deoch a thabhairt dó, ach bhain Ó Murchada a bhróg de agus d'líon sé í le uisce dó. Nuair a bhí sé ag tabhairt an díghe dó, bhuail duine de na cosantóirí cósta an bhróg le buille agud d'leag sé as a láimh í. Nuair a chonnaic an sagart an gníomh d'iompuigh sé don fhear a leag í agus dubhairt sé. "Tá dúil agam nach ndéanfadh an lámh sin gníomh níos measa ná sin coidhche." Dubhairt sé leis an bhfear a bhí ag tabhairt an díge dó go mbeadh saoghal fada aige agus bhí ag dearcadh ar an tobar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge