Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Eachléim
- XML Leathanach 140
- XML “Leagan Eile - Dán an Toir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theineadh, an taobh ó dheas muinntir Chríost ag cruinniú agus comartha Chríost imeasg na n-aingeal agus an Maidhgean glórmhar ghá stiuiriú. Annsoin a labhair an sean diabhal glic faoí an óigfhear seo agus sé mo gniomhartha diabhaltacha a bhí sé leanaimhaint. Annsoin d'labhair an Maidhgean glórmhar D'ísligh sí ar a dha glúin mhíne gheala - Ó a mhic na nGrást nach duit a ghléasadh an cárnán luaidhe le do caol colann uasal a loisgeadh. Ó A Mhic tarraing le do thuarastál agus déan truagh mhór do'n a anam, ó a mháthair chumhachtach ghlórmar nár dubhairt ariamh an t-olc.Más uait é a thabhairt go na flaitheas is fearr duit é a chur na mílte bliadhain ar chúl an Tuir ná leath-uair amháin in ifreann salach.
*******************************************************************
Fuaras é seo ó Éamonn O'Naillín, Geata Mór, Béal-an-Mhuirthid, Co Mhuigeó.Fuair sé bás 2.10.1939 ar aois 71bl- Faisnéiseoir
- Éamonn O Naillín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- An Geata Mór, Co. Mhaigh Eo