Scoil: Eachléim (uimhir rolla 12373)
- Suíomh:
- An Eachléim, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Chróinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Dhoimhneadas sgreadaim ort a Thíghearna Ó a thighearna, Éist le mo ghlór go dtugaidh do chluas aire le mo ghuidhe. Ó a tíghearna má bhreatnuigheann tú in mo lochtaibh téagróchar mé ó bhí gan an tíghearna tá a sacraiméid d'fuasgailt a fhuaglóchas clainn Eibhe ó chuile Mhallacht Léar de dlíghe tá mo shúil leat a thighearna suaimhneas siorruidhe tabhair dúinn a thighearna coingbhiugh sinn ó gheataí ifrinn. Múin m'anam in do bhriathraibh dóchas mo anam duit a thighearna ó Éirighe maidhne go dubh oidhche Ó Dhia siorruidhe a thug dúinn ar n-aithreacha, ár máthaireacha, á ndeirbhsuira, agus ár ndearbhrathara, ár gcáirde gaoil i gcóir is i gcrioch sólás agus soillse siorruidhe go dtugaidh tí dár n-anam ar siúl is go bhfeicimís do mhaitheas i dtalamh na mbeó go gcómhnaidhe nídh in do siothcháin mátharnach le linn Críost ár dtighearna Amén.
- Faisnéiseoir
- Stiofán Beag Ó Maolfabhail
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo