Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 186
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann na daoine fataí ar an bhfeirm gac bliadhan. Ullmuigheann na fir an talamh le h-aghaidh, treabhann siad é leis an céachta agus fuirigheann siad é leis an cliath orsta.Cuireann na daoine aoileach stábla ar an dtalamh nó gheibheann siad faimineach ó'n fharraige agus cuireann siad é ar an dtalamh.Deántar iomairí fadó acht cuireadh deireadh le sin agus anois déantar drilleanna. Marcann na daoine an talamh amach le sluacad agus le dlúth, agus annsin déantar na h-iomairí.Cuidígheann na comhairsion le chéile chun na fataí a cur mar tagann meithil fear le chéile chun na fataí a cur. Nuair abhíonn na fataí ag fás tugtar aire dhóibh, spéadáileann an feirmeóir iad le inneal spéádáilthe chun an leagar a chimeál dos na bhfataí.Nuair abaintear iad cuirtear iad isteach i gcruach mór agus cuirtear pollanna aer isteach san gcruach mar muna gcuireann an feilmeoir na pollanna aer isteach san gcruach bhíodh siad leobaidh le tamaill gearr.San Earrach gearrtar na fataí agus déantar na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Naillín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Naillín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo