Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 221
- XML “Brian Rua Ó Cearbháin”
- XML “Long an Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí sé ar aimsir le feirmeoir nuair a bhí sé ina stócach agus is iomdha cineál oibre a bhíodh le déanamh aige. Sé ceann de na duadaibh a bhíodh aige ná na ba a bleogán de ló 's d'oidhche. Tárla amhlaidh, gur cheannuigh a mháighistir bó ar an aonach lá agus do thug an máighistir taithneamh speisialta don bhó chéadhna. Toiligheach a bhí innti. Dubhairt an máighistir le Brean lá a dul amach leis an mbó a bhleoghán, ach d'orduigh sé dó Brean gan an chéad braon bainne a thálfadh an bhó a ól. Ghobh Brean amach mar do h iarradh air, ach má ghobh níor chuimhnigh sé ar bhriathar a mháighistir. D'ól sé an céad braoinín agus deirtear go raibh buaidh na tairngireaithre aige ón am sin amach.
- Chuaidh "Brean Ruadh" ar an aonach lá agus chuaidh sé ann le bó a thiubhradh braoinín beag bainne do, a cheannacht. Chuaidh Brean agus é ar intinn an bhó a cheannacht, agus gan cianóg ruadh san bpócha ag an bhfear bocht. Do chonnaic sé bó ar a mhian agus dhruid sé le chois an fhir gur leis í.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann