Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 247
- XML “Ráite agus Tomhasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is minc a bhíos an t-ádh ar an bhfear abí ag ól
Is léir don dall a bhéal
Go gcuiridh Dia slán ar do thinneas thú
"Go mairidh tú céad bliadhain"Abartar an rád seo thuas le lánamhain úr phósta
"A Dhia dhilis dár réidhteach"Abartar an guidhe seo ar oidhche go mbeádh stoirm nó anfadh uathbhásach ag séidhe agus baoghal ann go ndéanfaidhe dochar mór
"Dhá dtrian den dhathamhlacht - an gheanamhlacht"Abartar an rádh sin le duine a bhíonn's an tostach agus gan morán cainnte aige
"Go gcuirfidh Dia Nodlaig fé fhairsinge chugat"
"Sonas (?) go raibh ort"Cloistear an bheannacht seo nuair a chuidhigheann (?) duine le duine eile, an fuair (?) an cuidiú a abras é leis an duine a thug an cuidiú
"Go gcuitigidh Dia agus an Mhaighdean Muire leat"
"Buachaill fearamhail (?) dóigheamhail é
Agus culaith bhreág éadach uasal air"Abartar an rádh sin idtaobh buachalla go mbionns a mháthair ghá mholadh
"Is iomda fánadóír imtighthe uile lá,
Agus (?) ó shoin amac"Abartar é sin le duine abionn's tughta don fánaidheacht (?)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ui Mhaolálaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mhaigh Eo