Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)olann mar thuarastal agus gurbh'in an t-ábhar gur glaodhadh "Bóthar na h-Olla" é.
MANNRACH na nGABHARTá sé sin ar thalamh Énrí Úi Gháchaín
POLL BRADACHTá thíós i dtalamh Mhichil Úi Mhaolálaigh. (?) Tá an talamh an bhog agus dhá bhrigh sin tá sé an chontabhairteach. Is iomdha bó a chuaidh fé ingan fhios dí agus sin é fáth a h-ainme.
SÍDHE RUADHTá sé ar thalamh Thomáis Úi Mhaolálaigh. Deirtear go mbíodh sidhe agus gruaig ruadh le feicheaíl ann.
Cnocán RuadhAr thalamh Tomáis Úi Maolálaigh
BOGAC FHADATá sé ar thalamh Sheaí Bhairéád i bPoll an Chapaill.
MUINGSí abha bheag thíos ar thalamh Thomáís Mhaolálaigh.
CNOC na gCLOCSuidhthe ar an mbóthar síos go Baile Glas.
CAORTHAIDHAr an dtaoibh dheis den bhóthar ar thalamh Mhicil Úi Ghallachóbhair. Áit a mbíódh fiodhaile go fairsing inntí.- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Maolfhábhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 90
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo