Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair na Mart
- Suíomh:
- Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: An Br. C. J. Ó Haoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“San am roimh an nGorta...”
Pádhraig Mac Lochlainn, Leitir Fraig a d'innis.
San am roimh an nGorta bhí teampall an pharáiste ag Renvyle. Ba iad muinntir Flaitheartaigh, na daoine móra a bhí ins an áit sin Caitileigh [?] a beadh iad & d'fhanadh an sagart ins an teach leobhta i gcomhairdhe. Ach faoid dheireadh thiar thall tháinic athrú ar an sgéal, d'éirigh muinntir Flaitheartaigh go beo bocht & bí orra an teach mór a dhíol. Cheannaigh fear d'ar bhainn blácach é, tháinic seisean deirtear ó Chúige Uladh. Protustúnach a bhí ann. Ní thabharfadh seisean lóisdín do sagart ar bith, & rud éile níor theastaigh uaidh gembéad seipéal ingar dó. Ach níor fhéad sé an séipéal do leadgadh nó tada mar sin. Ní raibh na dlíghthe sáthach géar faoigh am seó. Thairg sé píosa talmhan ar an sagart le seipéal eile a thógáil ag "Tullach". Thóg an sagart an talamh & tóigead seipéal. Bhí sé d'intinn ag an mblácach sgeil a dhéanamh den sean-séipéal le na daoine óga a mhealladh isteach ann. Bhí sé cinnte go mbeadh neart "jumpers" le fághail aige. Bhí roinnt cloch ins an sean séipéal taoibh thiar den áit na mbíodh an altóir & iad bhfuirn croiche. D'orduigh sé don bhfear oibre mortair a chur orra. Rinne sé amhlaidh ach an mhaidin d'ar gcionn bhíodar nochtuighthe arís. Bhí an blácach le buile. Chuir sé fios ar seisear saighdiúir & bhagair sé an bás orra dá mba rud é nár choinnigh siad a súile ar an áit de ló 's d'oidhche. Ach bhí sé fánach acu, thuiteadh an mortair de na clocha. Bhí le h-agaidh na mbó. Chuir sé na fir oibre ag obair ann. Cuireadh ba isteach ann, ach a gcreidfeá é fritheadh chuile ceann acu an mhaidin d'ar gcionn & a gcinn san áit a mbé ceart don na rubaill a bheith & chuile mhuinnéal briste. Múineadh ceacht don bhlácach. Níor bhac sé leis an séipéal a thuille. Tá sé in a shean-fhothrach anois, ach tá na ceithre ballaí comh seasamhne daingean & a bhíodar an lá a toigeadh iad.
Tig leat an sean-seipéal a fheiceáil go soiléar ar do láimh dheis & tá ag geata(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádhraig Mac Lochlainn
- Inscne
- Fireann