Scoil: Baile an Chaisil B.
- Suíomh:
- Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)troda a bhí aca. Nuair a d'innseochadh siad dhó bhainfeadh sé an brígh astá. Aon lá amhain tháinig saighdiúir an bhealach agus chuaidh sé isteach ag Murchada.Bhí cú agus gunna aige. D'innis Murchadha faoi an bhFaolchú. "Tá mise ionánn troid a dhéunamh leis" arsan saighdiúir. "Tá mo chú agam agus mo ghunna. "Níl aon bhrígh ionnta" arsa Murchadha "Bhfuil aon nídh eile agat?" "Tá mo mháthair mhór" ars an saighdiúir (B'shin é an t-ainm a chuireadh sé ar shean sgian phócha a bí aige) Níor thuig Murchadha é agus ní raibh sé ionánn an bhrígh a bhaint as an sgin. Shiubhal an saighdiúir leis treasna na sléibhthe. Ní dheachaidh se ibhfad gur theannuigh an Faolcú air "Shaighidh sé an chú ann ach mharbhuigh an Faolchú é. Losg sé leis ach bhí an bhrígh bainte as. Léim an sgian ar Mhurchadha annsin agus mharbhuig sí é. Cuireadh san áit san é agus leacht mhór ós a chionn. Tá leacht Mhurcadha tugtha ar an áit go lá indiú.
LEACHT MHÁNUISTá leacht Mhanuis ar barr Chnuich Cheatramha Sheáin timceall dhá mhíle go leith taobh thoir theas de Baile an Chaisil.
LEATH-CEATHRAMHA an TEAMPUILLAinm áite ceithre mhíle taobh thoir dheas de Baile an Chaisil agus idir Leachainna agus Gort an Túair.
Míceál Breathnach
Cnoch Leacha Liagha- Bailitheoir
- Máirín Bean an Bhurcaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Míceál Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- Cnoc Leacan, Co. Mhaigh Eo