School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 551
- XML “Ainmneacha Áite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)troda a bhí aca. Nuair a d'innseochadh siad dhó bhainfeadh sé an brígh astá. Aon lá amhain tháinig saighdiúir an bhealach agus chuaidh sé isteach ag Murchada.Bhí cú agus gunna aige. D'innis Murchadha faoi an bhFaolchú. "Tá mise ionánn troid a dhéunamh leis" arsan saighdiúir. "Tá mo chú agam agus mo ghunna. "Níl aon bhrígh ionnta" arsa Murchadha "Bhfuil aon nídh eile agat?" "Tá mo mháthair mhór" ars an saighdiúir (B'shin é an t-ainm a chuireadh sé ar shean sgian phócha a bí aige) Níor thuig Murchadha é agus ní raibh sé ionánn an bhrígh a bhaint as an sgin. Shiubhal an saighdiúir leis treasna na sléibhthe. Ní dheachaidh se ibhfad gur theannuigh an Faolcú air "Shaighidh sé an chú ann ach mharbhuigh an Faolchú é. Losg sé leis ach bhí an bhrígh bainte as. Léim an sgian ar Mhurchadha annsin agus mharbhuig sí é. Cuireadh san áit san é agus leacht mhór ós a chionn. Tá leacht Mhurcadha tugtha ar an áit go lá indiú.
LEACHT MHÁNUISTá leacht Mhanuis ar barr Chnuich Cheatramha Sheáin timceall dhá mhíle go leith taobh thoir theas de Baile an Chaisil.
LEATH-CEATHRAMHA an TEAMPUILLAinm áite ceithre mhíle taobh thoir dheas de Baile an Chaisil agus idir Leachainna agus Gort an Túair.
Míceál Breathnach
Cnoch Leacha Liagha- Collector
- Máirín Bean an Bhurcaigh
- Gender
- Female
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Míceál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo