Scoil: Cnoc Melleray (B.), Ceapach Chuinn (uimhir rolla 7311)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Seán Ó Gormáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Go dtugaidh Dia dúinn Íosa Críost dá Bharrathas
Ó sé siúd féin is fearr do cheannuig sinn
Is go mbearfaimís do bhuidhceas go radharc na bhFlathas linn.O a Íosa Righ go leathar agus uaim
Liog braon ot' trois go beannuighthe anuas
Is scaoiligh ár gcroidhthe atá 'na carraig le cruadhacht
O Righ an Domhain, Righ an Luain agus Righ na hAoine uair to bháis
Bí'nar gcoinne a Mhaighdean Mhuire agus dein gárda agus cosaint ar ár n-anam le linn aghídh
O Íosa a Mhic a mhéid i do thrócaireacht (strike the breast)
O Íosa a Mhic a mhéid i do thrócaireacht
O Íosa a Mhic tabhair radharc go bhfeicimís tú an lá déanach
Iarraim grásta ar an Sprid Naomh airt agus seilbh do thógaint ar ár gcroidhthe go mbeimís síothchántacht carranacht le h-ár gcomharsain agus don saoghal go léir.- Faisnéiseoir
- John Hale
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Baile Fhinn Uachtarach, Co. Phort Láirge