Scoil: Cnoc Melleray (C.), Ceapach Chuinn (uimhir rolla 7311)
- Suíomh:
- Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Áine, Bean an Daltúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Tá tobar beannuighthe i Magh Deilge, cúpla míle ó Mhelleirí.”
Tá tobar beannuighthe i Mugh Deilge, cúpla míle ó Mhelleiri . Gach bliadhain bíonn 'pátrún' ann agus tugann na sluaighte chuige. Ar an gcúigeadh lá deag de Mí lughnasa a thagann siad.
Fadó riamh bhí an tobar sin suidhte ar fheirim fheirmeora protastúnaigh . Bhíodh sé ag magadh fés na daoine a thagadh chun an tobair.
Bhí capall caoch aige agus thóg sé é go dtí an tobar. leigheasadh an capall acht an mhaidin ' na dhiaidh sin bhi sé marbh. Bhí an tobar imtighthe as an bpáirc go dtí áit eile timcheall míle ó'n áit' na raibh sé. Níor fhás aon rud ' sa pháirc sin ó shoin acht féar buidhe.