Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 10

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 10

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 10
  3. XML “Pulla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Baile Fearann beag iseadh é seo. N'íl acht cúig tighte ann. Tá sean reilg ann ar a dtugtar "Reilg an tShléibe". Núair a bí an gorta in Éirinn do cuireadh a lán daoine sa reilg sin . Tá sean coiréal sa Pulla leis agus deirtear go raibh cloc mór gairid dó. Deireann na daoine thimcheall gur imthigh sé as an áit thimcheall bliain ó shoin.
    Níor cuireadh aoine in 'Reilig an t-Sléibe" leis na céadtha blian. Nuair a bhi an gorta in Éirin do bhí na daoine ag fághailt báis leis on ocras agus do cuireadh na céidtha ann. Tá beirt fhear ó Corcaigh curtha ann. Thimhcheall dhá blian ó shoin do chuir daoine ó Corchaigh cloch le na n-anam.Nil aon rud le féiscint ann anois act fraoch, aitinn, agus feitidí. De cífeá rian na h-uaigheana ins an reilg fós . Bhí cros mór adhmaid i lár na reilge acht tá sé tar éis tuitim anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Polla, Co. Phort Láirge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Faoláin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Rinn, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Phort Láirge