Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Leig braon beag arís ded fuil cun a cneasuighthe
Agus uaisle na bhFlathas go ngabhaidh a bpáirt.3.
Ó tá boicht sep Éireann i mbuairt is in anacair
Is ag pléidhe leis an aindeis féin gach lá
Leanbhaí bochta ag béiceadh is ag screucad gach maidin ann
Trí ocras fada is gan dada le fhágailt.4.
Sias na prátaí dubha a dhein ar gcomhairsain do scaipeadh uainn
Do cur ins an poor-house iad is anonn thar fairrge
Is i Reilg an tSléibhe tá na céadta 'cú troscartha
Agus uaisle na bhFlaitheas go ngabhaidh a bpáirt.5.
Sa Righ ne Truaighe is a Uain Ghil Bheannuighthe
Feac ar ab aindeise atá ó gcrádh
Na leig sé cun léig uait féin ár n-anam bocht
A ceannuig se le peannaidh ró gheur sa pháis.6.
Nílimíd ag cuimhneamh maidean ná oíche ort
Ach ar aindeise an t-saoghail seo ag déanamh maranna
Is a Chríost tóg dinn an scamall so
Go mbeimís i d' labhairt gac am do lá.- Bailitheoir
- Tomás Ó Faoláin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Mícheál Turraoin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Churraoin Theas, Co. Phort Láirge