Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Leathanach 17
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí bean ann fadó agus bhí leanbh breágh aici. Tógadh uaithe é agus cuireadh leipreachán cuiche in a áit. Ní stadadh sé ach ag gol de ló istoidhe. Ní raibh fios aici cad a bhain don leanbh. Timcheall cúpla mí ina dhiaidh sin bhí táilliúr ag obair sa tig an duine sin. Bhí an bean ag dul as baile ló agus dubhairt sí leis an táilliúir súil a bheith aige ar an leanbh.
Nuair a fuair an páiste imithigthe í léim sé amach as an cliabhán agus chuaidh sé suas f'én gcúpla agus thug sé bheidhlin leis anuas as. D'imir sé port breágh do'n táilliúr. Tháinigh iongantas mór ar an táillúir agus d'fhiafruigh sé de dén port é. Dubhairt an leipreachán gur thogadh an leanbh a bhí ag an bhean agus chuireadh é féin cúichí in a áit. D'fhiafruigh an táilliúir de an mbeadh aon rud le déanamh aici chun é dhíbirt. Dubhairt sé go mbeadh acht gan a innsint air - an sluasadh do dheargadh agus é leagaint air. D'innis an táilliúir nuair a fuair sé a am féin. Dhein sé é agus chaith sé imteacht le fuinneamh agus cosadh a leanbh féin uirthí.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann