Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sean-Phobal
Deirtear gurbé seo ceann de sna paróistí is ársa in Éirinn.Fuaireas cúntas ó seanfhear a tháinig abhaile ó America ach ní cuimhin liom a ainm. Do chas sé ar Americá arís.
Ní ansa.
D'réir deallraim bhíodh dhá phobal sa pharóiste tamall dá raibh. Pobal díobh ag freastal ar Chill Colmáin agus Pobal eile díobh ag freastal ar shéipéal Baile-Mhic Airt. T'réis tamaill níor léigheadh ach aon aifreann amháin sa Pharóiste agus léigheadh é sin i Séipéal Baile Mhic Airt.
Nuair a tháinig pobal Colmáin aneas ghlaodh an seanphobal ar an dream sin agus gur de sin a d'aimnigheadh an seanphobal ó shoin.2. SeanPhobal
Glaodhtar an ainm sin ar an bparóiste toisc an ársaíocht a bheith ag baint leis. Deirtear go raibh an creideamh sa seanphobal i bhfad sar a tháinig Naomh Pádraig go h-Éirinn.
Naomh Colmán - Naomh de naomhaibh na h-Éireann- ba thúisce a bhí ann agus a chraol an creideamh sa seanphobal.- Bailitheoir
- Tomás Ó Faoláin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge