Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- XML Leathanach 22
- XML “Seanfhocail a Bhailigh na Páistí ó na Daoine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)72. Is fearr ríoth maith ná droch-sheasamh.
73. Dá mbeadh báisteach ga Samhain ní beadh ann achchíoth.
74. Is fearr an sioc ná sior-bháisteach.
75. Is maith í an óige an té caitheann go maith í.
76. Is fuar gan fliuch.
77. Mair a chapaill , i geabhair féar.
78. Faigheann an capall bás fad a bíonn an féar ag fás.
79. Ní gabhann dorus dúnta seabhac.
80. Fallaí fuaire a déineann bean-tí súarach.
81. Bíonn an sonas i ndiaidh na sraoile.
82. Is fuiris fuine in aice na mine.
83. Baile coithín gann ná téithre gan do dhinnéir ann.
84. Baile beag briste túr le h-uisce is mná gan tuiscint ann.
85. Aithnigheann fear olanna ag díol fear olanna ag ceannach,
86. Is mó croiceann a chuireann an óige dhe agus is mó stallaire chuireann an bóthar dhe.
87. Ní fheicfeadh fuil, fuil da dortadh ach cífeadh fuil, fuil dul in gorta.
88. An fhiar a bhíonn an fíon istigh bíonn an chiall amuigh.