Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn

Suíomh:
Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Ó Faoláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 38

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 38

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
  2. XML Leathanach 38
  3. XML “Logainmneacha - Paróiste an tSeanphobail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Paróiste an tSean Pobal
    Ní mar a chéile na teoranta ar an bparóiste as a bíodh air fadó. Bhí paróiste beag ann Baile Mhic Airt, cuireadh sin agus roinnt bailtí fearann ó paróiste na hAirde Móire le chéile agus glaodhadh paróiste an t-Sean Phobal air. Téigheann an paróiste seo le paróiste na Rinne agus táid fé coimirce an tsagairt paróiste céanna.
    S'iad seo na bailtí fearainn a bhain le paróiste na hÁirde Móire anallód.
    Baile na h-Airde
    Achaire 266 d'acraí
    Tá an talamh arduithe sa baile fearann seo agus tá mar a bheadh cnocán i lár.
    Ainmneacha na bpáirceanna ar feirm Mhuiris De Bhial.
    Páirc an tighe, Páirc an tobair, páirc an leasa, páirc an teampuill, pairc na dtrí gcuinní, Páirc Dheugláin, An Cúilín, An fearann beag, an fearann mór, garraidhe an girrfhiaidh, páirc an ghabha,pairc na dtreochach, móin a' bháid, goirtíní na gcéachtaí , an fhocharath, pairc an ghleanna mhóir, pairc an ghleanna big.
    Ainmneacha na bpáirce ar feirm Micil Uí h-Anneacháin
    Cúl na maor, Páirc na Múrach, Logán aighé, páirc an leasa, páirc na carraige, seana mhóinteán, páircín an tócair, an móinteáinín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Faoláin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Maidhch
    Inscne
    Fireann