Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)

Suíomh:
Móin na mBian, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Máiréad Ní Chúndúin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 486

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0642, Leathanach 486

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 486
  3. XML “Seanscoil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní raibh na scoileanna a bhí ann fadó cosamhail leis na scoileanna ata ann indhiu ní rabhadar acht tighthe beaga cumhanga dorcha.
    Scoil sgairte a tugtar ortha agus máighistirí sgairte a tugtar ar na maighistirí. Bhí dhá ceann des na scoileanna sin i Moonamean. Bhí ceann acu taobh shuas den scoil atá ann indiu agus an ceann eile taobh síos de.
    Máirtín Diolún a tugtar ar an máighistir a bhí ag muineadh ann. Bhí sé tamall ag muineadh ins an ceann atá taobh theas de'n scoil agus tamall ag muineadh ins an gceann eile.
    Feirmeóirí a bhí na gcomhnuidhe ins na dhá thigh san acht do thugadar iasacht na cistineach nó an scioból don maighistir cun na páistí a mhúineadh.
    Maighistir ana-mhaith do beadh Mairtín Diolún. Bhí sé ana mhaith cun áireamh a mhúineadh. Ní fuair sé aon pádh mar a gheibheann na maighistirí indiu acht b'éigean dos na páistí pingin a tabairt dó gach lá agus is minic ná raibh aon pingin acu.
    Ní raibh aon binnsí nó stóil ins na tighthe cun na páistí a cur na suidhe ionnta nuair a bhíodar ag foghluim. Ni raibh acu acht cloca móra agus bloc mór d'adhmaid. Ní raibh aon bhinnse ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Shlatra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Riain
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Phort Láirge