Scoil: Móin na Míne, Dúngarbhán (uimhir rolla 15658)
- Suíomh:
- Móin na mBian, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Máiréad Ní Chúndúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fadó in Éirinn do mhair na daoine go mór ar na prátaí mar biadh acht tháinig an t-am nuair a bhí easba bídh ann mar do theip na prataí agus do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine.
Do luigh an droch-shaoghal go trom ar na daoine ins an gceanntar seo mar bhí i bhfad níos mó daoine ann ná mar atá anois agus bhí an áit ró bheag chun iad go léir do chothú annsan.
Seo mar do tharla. Do tháinig an Dubh ar na prátaí agus iad ag fás ins na driollaí. Do loitheadh iad go léir agus ní raibh aon mhaith ionnta annsan. Ní raibh le'n -iththe ag na daoine annsan acht leite agus turnaipí . Do luigh an ocras go mór ar na daoine bochta. Bhí na feirmeóirí ana chruaidh ortha mar ní cabhruighidís leo. Is minic a chuaidh na daoine bochta san oidhche go dtí gort na feirmeóirí agus do ghoideadar na turnaipí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Shlatra
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Riain
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- An Chúil Rua, Co. Phort Láirge