Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 021
- XML “An Playsham”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh triúr ban ag bailiú bórtháin lá, bean táilliúra, bean bheileadóra agus bean gréasaí; nach fuair bean an gréasaí dinn-óir ag dul amugha.
"Leath a'bháirc leat" arsa bean an táiliúra.
"Leath a'bháirc leat" arsa bean an beileadóra.
'Sé rud a dheineadar ná é d'fhágaint fén gcéad duine a gheobhadh an bóthar é socairiú eatortha. Duine uasal an chéad duine a ghaibh ar an bóthar. D'innseadar an scéal dó agus sé an t-slí shocair sé sin é. An duine aca a dhéabfadh an t-amadán be mhó dá fear gur b'í gheoghadh an dinn.
Chuadar abhaile ansin agus chuir bean an táilliúra bioráin suain sa táilliúr. Thit sé ina codladh ar an neomat dearg. Nuair a chuirfuidhe biorán suan ionnat d'fhanfadh duine ina codladh ar feadh seachtaine. Rith sí timpeall dos na comharsain agus dúirt sí go raibh an táilliúr tar éis báis. Socruigheadh suas é agus deineadh é thórraimh. Bhí dhá oíche thórraimh air agus na comharsain go léir bailithe dtí an tórraimh. Tháinigh lá na sochraide. Bhí an t-sochraid imithe nuair a chuaidh bean an beileadóra isteach go dtí a tigh féin. Bhí an beileadóir ina codladh.
"San atá tú" arsa sí leis "agus an táilliúr á chur".
"Seadh an táilliúr" arsa sé.
"Seadh an táilliúr" arsa sí. "éirigh as san agus imir máirse an bháis dó".
"Fan go gcuirfidh mé mo chuid éadaigh orm" arsa sé.
"Tá tú alright" arsa sí, "go mear! nó beidh an tsochraid imithe ort".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Bruadar
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth na Croise, Co. Phort Láirge