Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)
- Suíomh:
- Aird Mhór, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Risteárd Neancól
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 037](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0643%2FCBES_0643_037.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 037
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Leathanach 037
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Buachaill ó Bun Machain a tháinigh go dtí Árd Mhór Lá le Déaglán chun turus a thabhairt. Nuair a bhí sé ag imeacht dúirt a mháthair leis rud éigin ón tobar a thabhairt abhaile leis. Níor cuimhnigh sé ar aon rud go dtí go raibh sé ar an t-slí abhaile dó. Soir tríd an tráigh a bhí sé ag teacht nuair a cuimhnigh sé ar cad adúirt a mháthair leis. "Marbhócaidh sí mé" arsa sé ina aigne féin.
D'fhéach sé timpeall air agus chonaic sé raic ar an dtuaigh. Rug sé an phíosa de agus chuir ina phóca é. "Deanfaidh sé seo an gnó" arsa sé ag cur píosa den sean-bhata droídhte ina phóca.
Chuaidh sé abhaile go dtí a tigh féin. "Tá tú ag teacht a mhic ó" adúirt a mháthair leis. "Cad a thug tú abhaile chugham". "Ó tá sé agam" arsa sé ag tabhairt an sean phíosa bata di. "Thug mé é seo chughat ón tobar".
Rug sí air agus phóg sí é agus i gcionn na h-oíche bhain sí fioghas na croise dá drom agus ní raibh pian ann ar feadh ceithre bliana. An maidin nuair a d'éirigh sí bhí an pian imithe.
Bhí ceathrar nó cúigear timpeall na h-áite go raibh tinneas droma ag gabhailt dóibh . Thángadar cuichi bhain sí fioghar na croise díbh leis an mbuigín droidhte agus do leighead iad. Bhí an-trácht ar an leigheas ar fuaid na h-áite go léir agus bhí an mac ag éisteacht leis. Sa deire dúirt sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Bruadar
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth na Croise, Co. Phort Láirge