Scoil: Clochar na Toirbhirte, Dúngarbhán (uimhir rolla 12087)
- Suíomh:
- Dún Garbhán, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: An tSr. Proinseas
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall ocht míle ó thuaidh ó Dhúngarbhán atá cúirt Carraigh na Slaodaí. Níl ann anois ach fallaí fuara follamha; ach bhí lá eile aige agus ba mhór le rádh é. Fear darbh ainm Pilib Mac Craith a thóg an chúirt a lár an 17adh aoise. "Pilib an tSíoda" a tugtar air. Bhí na Craitigh an-láidir ins an dúthaigh sin an uair úd, agus b'é Pilib an ceann a bhí ortha. Bhí sé mór le Máirín de Paor,inghean De Paorach an Curraigh Mhóir, agus d'iarr sí ar a hathair í le pósadh. Pósadh iad, agus nuair a tháinigh Máirín go dtí Fearnán mar a raibh cónaithe ar Pilib ní raibh aon mheas ar an ámus comhnaidhe sin aice. Dubhairt sí go raibh stáblaí ag a hathair a bhí ní ba galánta ná é. Gheall Pilib annsan go dtógfadh sé cúirt di; agus do dhein. Seacht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán de Paor
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chearnóg, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Pádraigh Ó Mileadha
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cill Bhriain Uachtarach, Co. Phort Láirge