Scoil: Mágh Dheilge, An Cheapach (uimhir rolla 9889)
- Suíomh:
- Maigh Dheilge, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Séamus Ó Banáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 52](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0647%2FCBES_0647_52.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 52
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lucht An Leasa.
Deirtí fadó go dtugadh lucht an leasa daoine leótha, agus go bhfágaidís seana-scológ, nó seana-chailleach in áit an té a thogaidís leótha. "Ag tógaint as", a tugtaí ar an obair sin. Bhí beirt buachaillí ann agus bhíodar ana mhor len-a chéile. D'imthigh ceann acu as an áit agus phós sé. Ní ró-fhada a mhair sé nuair fuair sé bás. Fuar an fear eile scéala ar bhás comhradi. Cuaidh sé dtí an torramh, agus ag dul isteach an bóithrín go dtí tig an torramh cia bhéadh ag seasamh leis an gclaidhe ná an fear a bhí tar éis bháis. Leabhar an fear leis agus cheistig sé é. "Ó, nílim tar éis bháis ar aon cor," ar séisean. "Mo thógaint ar a rinneadh. Nuair a raghaidh tusa isteach anois," ar seisean, "geóbhaidh tú mo camán taobh thiar d'en doras. Na labhair le h-aoinne, ar bhinn do chluaise acht bagair go láidir ortha leis an gcamán. Teirigh go dtí an gcorp annsan agus bual is bual arís é; is mara n-eireóchaidh leat an rioth a chor air, ní bhfagaidh mise casadh go deo".Dhein an fear eile mar a ndubhairt sé leis; crom sé ag bualadh an chuirp is gceann a bhfad d'iompuig sé in a liathróid is amach an doras leis. Thainigh an fear tar n-ais sa leabhaidh in a áit.- Bailitheoir
- Séamus Ó Banain
- Inscne
- Fireann