Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (uimhir rolla 8133)

Suíomh:
Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Nóra Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0647, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tuar an Fhíona, Baile na Molt
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Badh é an chéad áit ar' spáin Petticoat Loose í féin ná theas ag an Corra Bheatha, an baile ar rugadh is ar tógadh í.

    Ba é an chéad áit ar 'spáin Petticoat Loose í féin ná theas ag an Corra Bheatha, an baile ar rugadh is ar tógadh í. Bhí baiste i dtig éigint ann is ba gheall le pósadh gach aon baiste an uair sin le h-ithe is le h-ól. Am éigint i lár na h-oíche chuaidh fear éigint amach agus chonaic sé ó seo amuigh sá macha. Tháinig sé isteach is d'innis sé a scéal. Bhí an dram istigh súgach go maith, is dúirt duine acu go mb'fhearr braon a thabhairt cúichí go raibh dúil riamh aici ann. Amach le triúr nó ceathrar acu is coinneall is buidéal is gloine. Bhí sé amuigh ar an taobh eile den macha. Glaodhadar anall uirthi is crom ceann aca ag líonadh an ghloine. Bhí gach aon scoth gáire aici ag féachaint i leith air. Thugadar tamall mór a fiadhach; a d'iarraidh teacht suas léithe, ach nuair a bhídís ar thaobh den macha bhíodh sí sin ar an taobh eile isí ag briseadh a croí ag gáire. B'éigint dóibh eirí aisti sa deire isí d'fhágaint ansan. Níor dhein
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éilís Ní Chadhla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal na Molt, Co. Phort Láirge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Tóibín
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge