School: Tuar an Fhíona, Baile na Molt (roll number 8133)
- Location:
- Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge
- Teacher: Nóra Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó nuair a bhí droch-tigearnaí talmhan ann, bhí fear ins an gCeanntar seo a cuireadh amach as a áit mar ná raibh an cios aige agus do chuaidh sé go dtí Sleibhthe An Comharaig agus do chrom sé ag deanamh droch-obhair.
Bhí poll aige ar bhár na faille agus ní raibh a fhios ag aoinne cá raibh sé. Carraistí a bhíodh ag na daoine saidhbhir an aimsir sin agus bhíodh Crota rompa ar an mbhothar agus do robáladh sé iad agus do chuireadh sé an t-ór i bhfolach i gcuas ins na sléibhthe. Do lean sé de'n obhair so, gur chuir na Tigearnaí Talmhan na Saigdiúirí ar a thóir. Bhí sé ró-glich do's na saigdiúirí agus do iompuidheadh sé na cruidhthe ar a chapall cun na Saigdiúirí do méarughadh.
Do ghabadh sa deire é agus do chuireadh i bpriosún i bPorthláirge é, agus cúpla lá na dhiaidh sin do crochadh é.
Bhí ór i bfolach i mbhaile na Giolcuí sa(continues on next page)- Collector
- Cáit Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Breathnach
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Béal na Molt, Co. Phort Láirge